Main content

Episode 3

Caoimhe looks at the impact of social media on our mental wellbeing and how we feel about our bodies.

Sa tríú clár tá na meáin shóisialta faoi chaibidil ag Caoimhe agus an drochthionchar gur féidir leo imirt orainn agus mar a mhothaíonn muid faoinár gcolainn. Téann sí ar chúl an cheamara leis an mhainicín Shade Fairley ó Bhéal Feirste, buaileann sí leis an eagarthóir irise Megan Roantree, agus tugann sí dúshlán do cheathrar ban óg briseadh a thógáil óna meáin shóisialta go bhfeice siad cad é mar atá na hardáin éagsúla ag cur isteach ar a n-íomhá colainne. I Muineachán, buaileann sí leis an fhear láidir Declan Savage, a insíonn di faoi na brúnna a mhothaíonn fir maidir lena n-íomhá colainne agus i mBaile Átha Cliath labhraíonn sí leis an bhia-eolaí Caoimhe Kalnoki faoi thionchar na meán sóisialta ar nósanna itheacháin. Cuireann Caoimhe aithne ar Éirinn Ní Eara, gleacaí ó Dhoire le heolas a fháil ar a mála stóma agus an aidhm atá aici daoine a spreagadh le díriú ar ábaltacht a colainne seachas an chuma atá uirthi.

Caoimhe looks at the negative impact of social media on how we feel about our bodies. She goes behind the camera with model Shade Fairley from Belfast, meets magazine editor Megan Roantree and challenges four young women to take a break from social media to test how the platforms are impacting on how they feel about their bodies.

Léiritheoir/Stiúrthóir : Aoife Nic Con Midhe
Léiritheoir/Láithreoir : Caoimhe Ní Chathail

3 months left to watch

28 minutes

Last on

Mon 23 May 2022 22:00

Broadcast

  • Mon 23 May 2022 22:00