Máire Bhruinneal - ciall an amhráin
Doimnic Mac Giolla Bhríde sings ‘Máire Bhruinneal’. Gearóidín Bhreathnach and Dr. Lillis Ó Laoire tell the story of the relationship between Tadhg Ó Tiománaí and Máire Bhruinneal.
Doimnic Mac Giolla Bhríde sings ‘Máire Bhruinneal’ written by Tadhg Ó Tiománaí. Gearóidín Bhreathnach and Dr. Lillis Ó Laoire tell the story of the relationship between Tadhg Ó Tiománaí and Máire Bhruinneal.
Máire Bhruinneal
Tá báb dheas gheanamhail san áit nach bhfuilim,
Agus is áille a máise is a féachaint,
Agus grá go dtug di thar mhná na cruinne,
Is go bráth ní thig liom a séanadh,
Tá píob a brollaigh ar lí na heala
ag éirí ar maidin lá gréine,
Is a gnaoi chomh máisiúil le réalt an Earraigh
Is a ciabh mar chléite an fhéich dhuibh.
Is a Mháire Bhruinneall, bhí lá is ní chuirfeá
Mo cháin ó Dhoire go hÉirne,
B'é an stá bhí orm bróg arda is buclaí
'S ní áirím culaith mhaith éadaí.
'Sé fáth mo thuirse gach lá dá bhfuilim
'san áit nach gcluinim do scéala.
Is go mbarr liom tamall de lá os do choinne
Ná ar fhás de chruithneacht in Éirinn.
Is trua gan mise is mo phlannda in Inis,
Taobh thoir de bhaile Chúil Raithne,
Faoi bhéal na binne nó'r bhruach na Finne
Nó ag féachaint loingis ar sáile
Oíche is maidin ó bím ag macnamh
Cá bhfuaireas a maise is a méin mhaith
'S nárbh aoibhinn m'aigne ach í bheith i m'aice
Is dá mbínn gan bacail féin léi.
Dá bhfághmuis uainn is lá gan duadh ba ghearr ár gcuairt san áit seo;
I ngleanntáin chúng nó in ard-choillidh thuas
Dhéanamais ár gcumann 's ar n-áras
Nach meanar ár gcumann gan éinne iomainn
Ach géaga na coilleadh 'nár láthairne
'Sé déarfadh gach duine gur lách ár n-imeacht
Mar a d'éalaigh Diarmaid is Ұáinne.
Ní bréag a deirim is ní shéanaim ar dhuine
Go h-éag go bhfuilim i ngrá léi
Tá neart nach bhfeictear is go leor a cheilltear
Atá ar ár ndícheall a sarú
Sharaigh sin orainn, is go saraigh orthu
Is mná na cruinne go dtreigfeadh,
'Sé mo chrá nach bhfuilim sa teampall curtha
Is mo chairde ag pilleadh go tréith-lag.
Duration:
This clip is from
More clips from Ұá
-
Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte - ciall an amhráin
Duration: 08:14
-
An Seanduine Dóite - Ciall an Amhráin
Duration: 10:12
-
An Seanduine Dóite - Amhrán
Duration: 03:03
-
Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte - Amhrán
Duration: 03:47
More clips from Amhráin Aduaidh
-
Aird Uí Chuain - ciall an amhráin—Imirce
Duration: 10:41
-
Gleantáin Ghlas Ghaoth Dobhair - ciall an amhráin—Imirce
Duration: 10:33
-
Na Buachaillí Álainn - ciall an amhráín—Imirce
Duration: 07:47
-
Na Buachaillí Álainn—Imirce
Duration: 01:43