Main content
Níl an t-eagrán seo ar fáil faoi láthair ar Â鶹Éç iPlayer Radio

Ón Taobhlíne

Rugbaí, Corn Mhic Cionnaith, Corn Sóisearach agus Corn Idirmheánach na gClubanna i bpeil na bhfear, Na Brídíní Óga mar churaidh shóisearacha na hÉireann sa chamógaíocht.

Tá cumann camógaíochta Na mBrídíní Óg ar mhuin na muice agus iad i ndiaidh Craobh Shóisir na hÉireann a bhaint seachtain ó shin. Bhí an-bhaint ag Séamus Mac Giolla Fhinnéin agus iníonacha s’aige le bláthú an chumainn bhig seo i nGleann Fhreabhail, Contae Aontroma le blianta beaga anuas, agus tá Séamus agus a iníon Caoimhe linn le labhairt ar an aistear sin. I bpeil na bhfear, lá lán d’eachtraí a bhí ann i bPáirc Uí Chrócaigh inné, agus is ag na cumainn Chiarraíocha a bhí an lámh in uachtar ar na hEoghanaigh agus cluichí ceannais clubanna na hÉireann á n-imirt ag an leibhéal sóisearach agus an leibhéal idirmheánach. Tá anailís againn air sin, chomh maith leis an aicsean ar fad ó Chorn Mhic Cionnaith, le Lorcán Ó Máirtín. Agus tá Máire Treasa Ní Dhubhghaill linn leis na scéalta rugbaí is déanaí.

Na Brídíní Óga of Glenravel, County Antrim are junior All-Ireland club champions since last week. Seámus Mac Giolla Fhinnéin and his daughters played a big part in the recent history of Na Brídíní, and Séamus and his daughter Caoimhe join us to chat about that journey. In men’s Gaelic football, it was an eventful day at Croke Park as two Kerry clubs got the better of the Tyrone men in the junior and intermediate finals in the All-Ireland Club Football Championships. Lorcán Ó Máirtín analyses those games, as well as the McKenna Cup action, with Derry and Tyrone booking their place in the decider. Plus, Máire Treasa Ní Dhubhghaill has the latest rugby news.

27 nóiméad

An craoladh is déanaí

Luan 16 Ean 2023 19:03

Craoladh

  • Luan 16 Ean 2023 19:03